Ba thionscnamh é Zeitgeist Irland 24 le Cultúr Éireann agus Ambasáid na hÉireann a tharla ar fud na Gearmáine in 2024
Le clár bliana de os cionn 400 imeacht i níos mó ná 100 baile agus cathair ar fud na Gearmáine, ba bhliain ollmhór é Zeitgeist Irland 24 d’ealaíona agus cultúr na hÉireann, ina raibh glúin nua ealaíontóirí Éireannacha ag taispeáint saibhreas agus éagsúlacht chultúr na hÉireann, agus ag léiriú spioraid náisiúin atá ag athrú
Ba mhaith linn ár mbuíochas ó chroí a ghabháil leis na healaíontóirí, na láithreoirí agus an lucht féachana go léir a ghlac páirt le linn na bliana agus a chinntigh, in éineacht lenár gcomhpháirtithe institiúideacha agus meán, go raibh rath iontach ar an chlár. Ba mhaith linn buíochas ar leith a ghabháil le comhpháirtí margaíochta Zeitgeist Ireland 24, Entdecke Irland, as an tacaíocht.
Ba í aidhm an tionscnaimh ná cur le próifíl na n-ealaíon Éireannach comhaimseartha sa Ghearmáin, agus anois i ndiaidh dúinn na mílte ceangal nua a chruthú agus teagmháil a dhéanamh leis na milliúin duine, tá muid ag súil go mór leis na torthaí saibhre a fheiceáil sna blianta amach romhainn.
German premier of new film commissioned as part of Zeitgeist Irland 24
Zeitgeist Irland 24 exhibitions during Berlin Art Week
Creative Frameworks – Info and Networking series
Irish Theatre in Germany
Oíche Oscailte Zeitgeist Irland 24 – Séasúr ealaíona agus cultúr na hÉireann ar fud na Gearmáine in 2024
Anocht seolfaidh an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Cosanta, Micheál Martin TD, an…