Skip to main content

Eolas faoi na himeachtaí

Loading Events

« All Events

Turbo Global / Eine irische Erzählung

Taispeántas de shaothair le ealaíontóirí Éireannacha ar théama an turbachaipitleachais le Elaine Byrne, Nevan Lahart, Sean Lynch agus daoine eile

28 June - 6 October

Berlin

Event Categories:
Photo: Nevan Lehart

Photo: Nevan Lehart

Tugtar le chéile sa taispeántas seo raon éagsúil den mhéid atá curtha ag ealaíontóirí na hÉireann leis an rogha mhalartach ar chaipitleachas nach bhfuil ann, de réir dealraimh. Cuirtear saothair le hais a chéile a bhfuil stair agus saothair faisnéise agus útóipeacha mar bhun leo.

Mar go bhfuil méid mór comhlachtaí TEC agus eastáit réadaigh i láthair in Éirinn, imríonn an turbachaipitleachas tionchar an-mhór uirthi, i gcomparáid leis an Ghearmáin. Tá buntáistí ann ón fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta seo don tsochaí, ach caithfidh an tsochaí déileáil leis na droch-iarmhairtí fosta.

Is páirt mhór d’fhéiniúlacht na hÉireann é an Gorta Mór i lár an 19ú hAois, nuair a fuair milliún duine bás agus d’imigh milliún eile ar deoraíocht mar thoradh ar an cheangal thubaisteach idir chaipitleachas Mhanchain agus an dúchan phrátaí.

Tá ionad an taispeántais, Schloss Britz, suite in Berlin-Neukölln, atá ar cheann de na suíomhanna is bríomhara ar an domhan don ealaín chomhaimseartha, agus is áit é don mhalartú ealaíonta. Chuaigh an dúchan phrátaí i bhfeidhm ar an eastát, cosúil le gach foras talmhaíochta sa Phrúis, timpeall 1850, cé nach raibh an éifeacht chomh dona agus a bhí sí in Éirinn, rud a chruthaíonn nasc eile le téama an taispeántais.

Tá clár in éineacht leis an taispeántas.

Elaine Byrne

Nevan Lahart

Sean Lynch

Ionad

Schloss Britz

Alt-Britz 73

12359 Berlin


Suíomh gréasáin ticéid nó imeachta