Skip to main content

Eolas faoi na himeachtaí

Loading Events

« All Events

Changing States: Ireland in the 21st Century

Changing States: Déanann Changing States: Ireland in the 21st Century suirbhé ar an bhealach a chaitheann an ghrianghrafadóireacht solas ar athruithe i stát na hÉireann.

7 June - 11 August

Berlin

Event Category:
Photo: Jamin Keogh

Photo: Jamin Keogh

Changing States: Tugann Changing States: Ireland in the 21st Century súil ar na bealaí a chaith an ghrianghrafadóireacht solas ar athruithe i stát na hÉireann 100 bliain i ndiaidh bhunú Saorstát Éireann agus Tuaisceart Éireann. Agus é curtha le chéile go speisialta ag Músaem Grianghraf Éireann agus Ralph Goertz, Stiúrthóir na hInsititiúide um Dhoiciméadú Ealaíne (IKS), Düsseldorf, rianaíonn an taispeántas suirbhé ar mhórscála seo forbairt na grianghrafadóireachta comhaimseartha, ag cur fráma criticiúil nua ar shaol comhaimseartha ar fud oileán na hÉireann.

Trí bhogadh ó dhoiciméadú traidisiúnta go cineálacha cur chuige i leith an mheáin atá níos coincheapúla agus a bhfuil feasacht shóisialta acu, déanann Changing States plé ar fhreagra ealaíontóirí ar na athruithe doimhne atá tar éis tarlú i saol na hÉireann. Rianaíonn sé ár gclaochlú casta agus, corruair, an-deacair ó náisiúnstát dúnta go sochaí atá níos liobrálaí, níos domhandaithe agus níos ilchultúrtha.

Is é Músaem Grianghraf Éireann an t-ionad náisiúnta don ghrianghrafadóireacht chomhaimseartha. Tá sé mar aidhm acu a bheith ina gceannródaithe i leith an ghrianghrafadóireacht is fearr a thaispeáint do gach lucht féachana chun díospóireacht agus smaointe nua a spreagadh faoi ról an ghrianghraif sa tsochaí. Léiríonn taispeántais nuálacha saothair le healaíontóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta seanbhunaithe chun dul i ngleic le ceisteanna tábhachtacha ealaíonta, cultúrtha nó sochaíocha agus cleachtais ghrianghrafadóireachta nua a thaispeáint. Faigheann Músaem Grianghraf Éireann tacaíocht ón Chomhairle Ealaíon agus ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Bhunaigh Ralph Goertz an IKS – Institiúid um Dhoiciméadú Ealaíne in 2009 agus inniu is í an chartlann mheán príobháideach d’ealaín chomhaimseartha is mó san Eoraip le beagnach 500 ealaíontóir doiciméadaithe* agus 92 scannán faisnéise. Is é atá mar aidhm ag IKS PHOTO ná meán na grianghrafadóireachta a chur chun cinn, a chaomhnú, agus a léiriú trí thaispeántais agus foilseacháin. Tá béim in obair IKS-PHOTO ar shuntas stairiúil ealaíonta agus ealaíne agus ar ábharthacht shóisialta agus shochaíoch chomh maith.

Tá Haus am Kleistpark ar cheann de na gailearaithe cathracha is mó agus is seanbhunaithe i mBeirlín agus tá baint aige le dhá shuíomh eile: an Haus am Kleistpark | Projektraum agus an Galerie im Tempelhof Museum. Mar spáis ealaíne comhaimseartha neamh-thráchtála, seasann gailearaithe cathracha don iltíreachas, don tástáil, agus d’fhionnachtana ealaíonta ar ardleibhéal le béim speisialta ar ghrianghrafadóireacht ealaíonta a chur chun cinn.

Ionad

Grunewaldstraße 6-7
Berlin, Berlin 10823 Germany

Suíomh gréasáin ticéid nó imeachta