Skip to main content

Eolas faoi na himeachtaí

Loading Events

« All Events

MINT : A Folk Opera on Money

MINT: a folk opera about money - stair bheo, cóiréagrafaíocht, ceol

24 March - 27 March

Berlin

Event Categories:

MINT: A Folk Opera about Money (mint: Laidin ar ‘airgead’; minted: Béarla na Breataine ar ‘saibhir’) san áit a thagann amharclannaíocht, stair bheo, agus cóiréagrafaíocht le chéile. Déantar finscéalta dírbheathaisnéise de scéalta pearsanta agus tugtar creat taibhitheach dóibh. Bunaithe ar mo scéal féin faoi m’aistear ó theaghlach lucht oibre go dtí an saol damhsa neamhspleách comhaimseartha i mBeirlín, déanaim plé ar an ghaol idir airgead, aicme shóisialta, agus obair. Sa timpeallacht thart orm, an saol damhsa neamhspleách i mBeirlín, is fadhb bheo í an neamhchinnteacht, agus maireann smaoineamh an “ealaíontóra bhoicht” ina fhoirm mheafarach agus rómánsaithe. Mar sin féin, clúdaítear ceisteanna faoi ioncam, aicme agus cúlra aonair faoi bhrait náire agus chiontachta.

Is as Tuaisceart Éireann ó dhúchas í Sheena McGrandles, atá lonnaithe i mBeirlín anois, agus tógadh í i dteaghlach lucht oibre, áit nach raibh mórán damhsa chomhaimseartha ar siúl ar chor ar bith agus nach raibh ach fíorbheagán rochtana ar ranganna agus oiliúint ar fáil. D’fhoghlaim Sheena an bailé ó leabhar agus an damhsa ón teilifís, agus d’éirigh léi áit a fháil ag an Laban Centre (Londain). Mar gheall ar seo, is í an chéad duine ina teaghlach a bhain céim ollscoile amach. Ansin chríochnaigh sí an clár MA SODA ag HZT/UdK Beirlín, le maoiniú ó scoláireacht bharr feabhais ó Fhondúireacht Acadúil Náisiúnta na Gearmáine. Gan mhoill ina dhiaidh sin, roghnaíodh Sheena don chónaitheacht 8-mí ag K3, Kampnagel. Idir 2013 agus 2018, chomh maith lena hobair mar dhamhsóir agus cóiréagrafaí neamhspleách a bhí ag éirí níos déine, bhí sí ina léachtóir ag HZT Berlin sa chlár BA agus MA SODA.

Le blianta beaga anuas, tá níos mó infheictheachta agus aitheantais bainte amach ag obair Sheena; tugadh cuireadh do Tanzplatform Deutschland di faoi dhó; le FIGURED in 2020 agus le FLUSH in 2022. I mbliainiris 2021 de chuid Tanz, luadh í i suirbhé na léirmheastóirí mar ‘an cóiréagrafaí is suimiúla’ don tsaothar FLUSH.

Ionad

Stresemannstrasse 29
Berlin, Berlin 10963 Germany

Suíomh gréasáin ticéid nó imeachta